Cad is Rince Gaelach ann?

Maíonn breis agus ochtó milliún duine ar domhan gur de phór na nGael iad. Ní hiontas ar bith é, mar sin, go bhfuil an-éileamh ar an rince Gaelach, rince traidisiúnta na hÉireann, ní hamháin i bpobail Éireannacha ar fud na cruinne, ach i dtíortha chomh fada i gcéin leis an tSeapáin, an Bhrasaíl, an Airgintín, an Afraic Theas agus, níos mó ná riamh, in Oirthear na hEorpa.

Tá gréasán rinceoirí Gaelacha agus múinteoirí i ngach cearn den domhan. Tagann siad le chéile go rialta  chun páirt a ghlacadh i gcomórtais, chun a gcuid eolais a roinnt agus chun taitneamh a bhaint as saibhreas an chultúir seo.  Is ar ghluaiseacht na gcos is mó a bhítear ag díriú sa rince gaelach agus déantar an rince go haonarach (rince céime) nó i bhfoirne (rince céilí agus rince seite) le tionlacan ceol gaelach á sheinm ar uirlisí éagsúla, lena n-áirítear an bosca ceoil, an pianó, an fhidil, an fheadóg mhór nó an bainseó.  
Tá an-tábhacht le huainiú agus le rithim agus is í an choisíocht thapa, is dócha, a spreagann samhlaíocht daoine nach mbaineann leis an bpobal Éireannach in aon chor. Idir an ceol bríomhar agus an choisíocht rithimeach, bíonn sé deacair don lucht éisteacht diúltú don fhonn damhsa! Rinne seónna ar nós Riverdance agus Lord of the Dance le Michael Flatley an rince Gaelach a chur á léiriú ar stáitsí an domhain mhóir. Is rince thar a bheith spreagúil é agus is iomaí sin casadh atá tagtha ann thar thréimhse fhada blianta. Fós féin, tugtar urraim don ghné thraidisiúnta i gcónaí.

Is mar Choimisiún Taighde a ceapadh an Coimisiún le Rincí Gaelacha go déanach sna fichidí ach faoi na 1930í bhí sé ag feidhmiú mar údarás a raibh sé de chúram air rincí Gaelacha de gach cineál a chur chun cinn agus a chothú. Bhí tábhacht thar na bearta aige i bhfás agus i bhforbairt na foirme ealaíne sainiúla seo agus cabhraíonn sé le caighdeáin a ardú arís is arís eile trí chomórtais mhórchlú ar nós Oireachtas Rince na hÉireann agus Oireachtas Rince na Cruinne.

Feisteas:Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

We use cookies on our website. Some of them are essential for the operation of the site, while others help us to improve this site and the user experience (tracking cookies). You can decide for yourself whether you want to allow cookies or not. Please note that if you reject them, you may not be able to use all the functionalities of the site.