Rince agus Ceol

Bunaíodh an Coiste Rince agus Ceoil chun súil a choinneáil ar threochtaí sa rince aonair agus sa rince foirne agus moltaí a chur ar fáil don Choimisiún ar conas is fearr a dhéanfar an ghné lárnach seo dár gcultúr a rialú.

I measc na dtascanna ar thug an Coiste fúthu bhí Rincí Seite nua agus raon de luasanna méadranómacha a leagan síos i gcomhair na rincí sin agus rincí eile a dhéantar sna comórtais ar fud an domhain.  

Bhí páirt mhór ag an gcoiste le déanaí in athnuachan lámhleabhar na rincí céilí, Ár Rincí Céilí, a tháinig in áit Ár Rincí Foirne ar an 1 Meán Fómhair 2015. Tá DVD curtha ar fáil ag an gcoiste mar aon leis an lámhleabhar nua a léiríonn na tríocha rince atá istigh sa leabhar Ár Rincí Céilí.

Rince agus Ceol
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Priontáil