Comhairle Bainistíochta
Déanann an Chomhairle maoirsiú ar ghnóthaí airgeadais, reachtúla agus bainistíochta na heagraíochta, an oifig agus an fhoireann san áireamh.
An Coimisiún Le Rincí Gaelacha
The Irish Dancing Commission
New Website Questionnaire Link
Déanann an Chomhairle maoirsiú ar ghnóthaí airgeadais, reachtúla agus bainistíochta na heagraíochta, an oifig agus an fhoireann san áireamh.
Bunaíodh an Coiste Rince agus Ceoil chun súil a choinneáil ar threochtaí sa rince aonair agus sa rince foirne agus moltaí a chur ar fáil don Choimisiún ar conas is fearr a dhéanfar an ghné lárnach seo dár gcultúr a rialú.
I measc na dtascanna ar thug an Coiste fúthu bhí Rincí Seite nua agus raon de luasanna méadranómacha a leagan síos i gcomhair na rincí sin agus rincí eile a dhéantar sna comórtais ar fud an domhain.
Bhí páirt mhór ag an gcoiste le déanaí in athnuachan lámhleabhar na rincí céilí, Ár Rincí Céilí, a tháinig in áit Ár Rincí Foirne ar an 1 Meán Fómhair 2015. Tá DVD curtha ar fáil ag an gcoiste mar aon leis an lámhleabhar nua a léiríonn na tríocha rince atá istigh sa leabhar Ár Rincí Céilí.
Rince agus Ceol
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Is é saindualgas an Choiste Forbartha Thar Lear ná cabhrú leis an gCoimisiún an Rince Gaelach a chur chun cinn i réigiúin nua ar fud an domhain. Casaimid le chéile go rialta chun struchtúir a bhunú agus chun fás a spreagadh i gceantair nua. Cabhraímid le ceardlanna, grádscrúduithe agus seimineáir ullmhúcháin i gcomhair scrúduithe tcrg agus adcrg a cheadú. Feidhmíonn baill an choiste mar a bheadh droichead ann idir an Coimisiún agus muintir na réigiún, rud a thugann guth dóibh agus a dheimhníonn go gcuirtear gach cumarsáid riachtanach i gcrích.
Má tá tuilleadh eolais uait, téigh i dteagmháil leis gCoiste Forbartha Thar Lear ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Coiste Forbartha Coigríche
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.