Urraíocht

Gabhann an CLRG buíochas lena lucht urraíochta líonmhar as a dtacaíocht agus a gcuid síntiús thar na blianta.

Is mian linn, i gcomhar libhse, imeachtaí na gcraobhchomórtas a bheith ar ardchaighdeán agus, anuas air sin, cur le hiarrachtaí an CLRG i dtaca le forbairt ghairmiúil de agus leis na tionscadail éagsúla a théann chun sochair do dhaoine óga ar fud an domhain. Táimid ag obair ar chláir nua a chuirfidh feabhas ar dheiseanna do rinceoirí ag gach leibhéal.
Tá an-chuid bealaí chun cabhrú leis an gCoimisiún tacú leis an Rince Gaelach. Is féidir urraíocht a dhéanamh ar imeacht ar leith, síntiús a thabhairt do thionscadail faoi leith nó am nó maoiniú a chur ar fáil chun cabhrú leis an CLRG a gcuid cuspóirí a bhaint amach.

Is eagraíocht charthanachta chláraithe é an CLRG atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Éire, agus a bhfuil baill aici sna mór-ranna go léir.
Tá deis iontach ann do lucht fógraíochta suas le 250,000 rinceoir ar fud na cruinne a shroicheadh. Bíonn dhá mhórimeacht ar siúl againn sa bhliain, Oireachtas Rince na hÉireann (Craobhchomórtais na hÉireann) agus Oireachtas Rince na Cruinne (Craobhchomórtais Rince Gaelach an Domhain). Bíonn breis agus 25,000 duine i láthair na n-imeachtaí seo, idir rinceoirí, mhúinteoirí, ghaolta agus lucht leanúna an Rince Ghaelaigh.

DEISEANNA URRAÍOCHTA:

Fógraíocht ar an suíomh Gréasáin– seol teachtaireacht go dtí an oifig chun spás fógraí a cheannach

CRAOBHCHOMÓRTAIS NA hÉIREANN 2019
CRAOBHCHOMÓRTAIS AN DOMHAIN 2019

Coinnigh súil air seo le haghaidh deiseanna urraíochta, díolacháin agus fógraíochta!

Priontáil