Stair de An Coimisiún le Rincí Gaelacha

Rinne Conradh na Gaeilge an Coimisiún le Rincí Gaelacha a bhunú go déanach i bhfichidí na haoise seo caite. Ba é cúram an Choimisiúin ná eagar an rince Ghaelaigh san am a fhiosrú agus moltaí a dhéanamh le haghaidh feabhas a chur ar chúrsaí eagrúcháin san am a bhí le teacht. Tionóladh an chéad chruinniú den eagraíocht in 1927 agus é fós ina Choimisiún Taighde ach, faoin am a raibh cruinniú 1930 ann, b’eagraíocht údarásach a bhí ann agus an chumhacht acu chun a moltaí féin a chur i bhfeidhm. Cuireadh tuarascáil ar fáil agus rinneadh plé uirthi sin ar feadh beagnach dhá bhliain. Ba é an toradh a bhí air gur cheap Conradh na Gaeilge baill an Choimisiúin Taighde ar údarás nua a mbeadh sé de chumhacht acu moltaí na tuarascála a chur i bhfeidhm. Ba é Tomás ó Faircheallaigh, a bhí ina Uachtarán ar an gCoimisiún ar feadh 25 bliana go dtí gur éag sé in 2004, an té ab fhaide a mhair den chéad choimisiún sin. Is deacair dúinne a bhíonn ag plé leis an Rince Gaelach inniu a shamhlú conas a bhí an scéal i dtríochaidí an fichiú haois. Ba é an Coimisiún a leag síos caighdeán le haghaidh múinteoirí agus, níos faide anonn, le haghaidh moltóirí, sa rince Gaelach. D’fhoilsigh siad lámhleabhar rincí céilí agus bhunaigh Oireachtas an Rince, mar a thugtaí air an t-am sin, mar fhéile faoi leith. Inniu féin, tá gean faoi leith acu siúd a bhíonn páirteach i gcur chun cinn an rince ar Chraobh Rince Gaelach na hÉireann, idir rince céime, rince céilí agus rince fíorach. Murach fadcheann agus díograis chomhaltaí ceannródaíocha an Choimisiúin le Rincí Gaelacha, ní bheadh ann d’an-chuid rudaí a ndéanaimide talamh slán díobh, mar shampla gné idirnáisiúnta an rince Ghaelaigh agus na naoi gcinn de Chomhairlí Réigiúnacha a stiúrann imeachtaí bríomhara rince Gaelach in Éirinn agus sa Bhreatain, gan trácht ar eagraíochtaí mar I.D.T.A.N.A. i Meiriceá Thuaidh, R.T.M.E. ar Mhór-Roinn na hEorpa, A.I.D.A. san Astráil agus T.I.D.A.N.Z. sa Nua-Shéalainn a dhéanann an Rince Gaelach a chur chun cinn.

Bíonn tionchar an Choimisiúin le brath ar fud na gcúig mhór-roinn. Tá múinteoirí dár gcuid ag teagasc an Rince Ghaelaigh ní hamháin sna tíortha inar lonnaigh pobal mór imirceach as Éirinn – an Bhreatain, Meiriceá Thuaidh agus an Astraláise – ach ar fud mhór-roinn na hEorpa, san Afraic Theas agus chomh fada i gcéin le Meiriceá Theas.

Níl aon amhras ach go raibh bunú Oireachtas Rince na Cruinne, craobhchomórtais dhomhanda an Rince Ghaelaigh, sa bhliain 1970, ar an bhforbairt ba thábhachtaí sa Rince Gaelach sna cúig bliana is ceithre scór ó bunaíodh an Coimisiún.

Bhí slua beag i láthair ag an gcéad Oireachtas in 1970, san amharclann bheag bhídeach i gColáiste Mhuire, Cearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath. Inniu is imeacht mór domhanda é an tOireachtas agus stádas aige nach bhféadfaí a shamhlú siar sna tríochaidí. Cuireann na meáin chumarsáide spéis in Oireachtas Rince na Cruinne ar shlí a léiríonn an tionchar a bhíonn aige ar ár dtraidisiún breá rince ar fud an domhain. Ghlac comhaltaí an Choimisiúin cinneadh cróga go déanach sna seascaidí chun Craobhchomórtas Domhanda sa Rince Gaelach a chur ar bun agus comórtais cháilithe a reáchtáil sna críocha a bhí faoi údarás an Choimisiúin san am. Murach an cinneadh sin, is féidir nach dtarlódh an fás ollmhór atá tagtha ar an Rince Gaelach ar fud na cruinne. B’éachtach mar a mhéadaigh ar shuim na ndaoine sa Rince Gaelach i ndiaidh Chomórtas Eoraifíse 1994, nuair a cuireadh tús leis na mbranda nua sin, Riverdance. As sin amach bhí an Rince Gaelach á chleachtadh ag daoine nach raibh ach caolbhaint acu le hÉirinn, má bhí baint ar bith acu léi. Tharla an mhóreachtra sin coicís i ndiaidh cheiliúradh 25 bliain Oireachtas Rince na Cruinne in óstán an Burlington i mBaile Átha Cliath. Rinneadh seó ar leith de Riverdance agus níorbh fhada ina dhiaidh sin, in 1996, gur éirigh thar cionn le Lord of the Dance le Michael Flatley. Ní raibh riamh cheana a oiread céanna iomrá ar an Rince Gaelach agus a bhí an t-am sin. Faoi dheireadh na mílaoise, bhí an-tóir ar an Rince Gaelach fud fad na cruinne.

Chuaigh an Coimisiún i dtreo nua sa bhliain 2000, nuair a cuireadh an tOireachtas ar siúl i mBéal Feirste, an chéad uair a ritheadh an mórimeacht sin lasmuigh de Phoblacht na hÉireann. Beart nua eile don Choimisiún le Rincí Gaelacha ba ea foilsiú an fhíseáin de chomórtais dhomhanda na Mílaoise. Ba é an chéad chéim eile ná an t-imeacht a chur ar siúl lasmuigh d’Éirinn, rud a rinneadh den chéad uair i nGlaschú na hAlban in 2002. Ba in Philadelphia, PA, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, a ritheadh Oireachtas Rince na Cruinne in 2009.

Rinneadh 40 bliain d’Oireachtas Rince na Cruinne a cheiliúradh in 2010, tráth a tugadh an tríú cuairt ar Ghlaschú. Díreach sna sála ar Oireachtas Ghlaschú, in 2011, d’fhilleamar ar Bhaile Átha Cliath den chéad uair le cúig bliana déag agus ba bhreá an ócáid é. Ó shin i leith rinne an Coimisiún Oireachtas Rince na Cruinne a chur ar siúl i Stáit Aontaithe Mheiriceá arís in 2013, i mBostún MA an t-am seo. I Londain a bhí an tOireachtas in 2014, imeacht ar éirigh thar cionn leis agus is in Montreal, Ceanada a bhí na craobhchomórtais in 2015. Ar ais linn go Glaschú arís sa bhliain 2016.

Ceann de na saothair ba thábhachtaí a rinne ceannródaithe an Choimisiúin ná lámhleabhar a fhoilsiú in 1939 ina raibh cur síos ar dheich gcinn de rincí céilí. Ó shin i leith, foilsíodh dhá lámhleabhar eile agus cuireadh na trí cinn díobh ar fáil in aon imleabhar amháin, imleabhar atá riachtanach d’aon duine atá ag iarraidh an Rince Gaelach a mhúineadh. In 2014, rinne an Coimisiún athnuachan ar an bhfoilseachán seo agus chuir DVD ar fáil chun na 30 rince ann a léiriú. Ó Mheán Fómhair 2015 ar aghaidh, tá an foilseachán seo ina lámhleabhar oifigiúil i gcomhair na n-imeachtaí go léir.

We use cookies on our website. Some of them are essential for the operation of the site, while others help us to improve this site and the user experience (tracking cookies). You can decide for yourself whether you want to allow cookies or not. Please note that if you reject them, you may not be able to use all the functionalities of the site.