images/news_page.PNG

An Coiste Forbartha Thar Lear

Is é saindualgas an Choiste Forbartha Thar Lear ná cabhrú leis an gCoimisiún an Rince Gaelach a chur chun cinn i réigiúin nua ar fud an domhain. Casaimid le chéile go rialta chun struchtúir a bhunú agus chun fás a spreagadh i gceantair nua. Cabhraímid le ceardlanna, grádscrúduithe agus seimineáir ullmhúcháin i gcomhair scrúduithe tcrg agus adcrg a cheadú.  Feidhmíonn baill an choiste mar a bheadh droichead ann idir an Coimisiún agus muintir na réigiún, rud a thugann guth dóibh agus a dheimhníonn go gcuirtear gach cumarsáid riachtanach i gcrích.

Má tá tuilleadh eolais uait, téigh i dteagmháil leis gCoiste Forbartha Thar Lear ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Coiste Forbartha Coigríche
 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Priontáil

Coiste Faire

Is é an Coiste Faire a fhiosraíonn gearáin agus a dheimhníonn go ndéantar na gearáin sin a ionramháil go cothrom, discréideach. Is é saindualgas an choiste gach fiosrúchán atá curtha i gcrích a chur ar aghaidh chuig an mBunchoiste chun go réiteofar é.
Cuirtear gach fiosrúchán i gcrích faoi bhun an Bheartais um Chosaint Leanaí agus faoi bhun an Chóid Iompair agus Nósanna Imeachta Smachta atá leagtha amach ag an gCoimisiún le Rincí Gaelacha.

Coiste Faire/Coiste Eitice
ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Priontáil

Coiste Feistas

Gné thar a bheith spreagúil den Rince Gaelach is ea an feisteas, a thugann deis dúinn gnéithe den dearadh comhaimseartha a fhí isteach i léiriú rince traidisiúnta na hÉireann. Is é an Coiste Feistis a bhainistíonn rialacha agus treoirlínte feistis an Choimisiúin.

Faoi stiúir baill agus múinteoirí de chuid an Choimisiúin, bíonn an coiste ag plé le gnéithe den fheisteas agus le tionscadail sa réimse sin. Is é ár gcuspóir na rialacha agus na treoirlínte feistis a bheith chomh soiléir agus is féidir. Má tá aon cheist agat nó más mian leat tuairim a nochtadh maidir le rialacha agus treoirlínte feistis, téigh i dteagmháil, le do thoil, le Cathaoirleach an Choiste ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Priontáil

CLRG Oireachtas

www.clrgoireachtas.com

We use cookies on our website. Some of them are essential for the operation of the site, while others help us to improve this site and the user experience (tracking cookies). You can decide for yourself whether you want to allow cookies or not. Please note that if you reject them, you may not be able to use all the functionalities of the site.