images/news_page.PNG

An tÚdarás Scrúdaithe

Is é an tÚdarás Scrúdaithe an foras rialaithe i gcomhair gach ceann de na scrúduithe TMRF, TCRG, ADCRG agus BG a eagraítear ar fud an domhain. Bíonn sé ag plé le cúrsaí a bhaineann le Grádscrúduithe chomh maith.
Déanann ár mBord maoirsiú ar líon na scrúduithe agus ar ionad gach scrúdaithe faoi leith.
Má tá ceist agat i dtaobh ceann ar bith de na scrúduithe seo, is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil le Claire Gillespie in oifig an Choimisiúin.

Priontáil

Coiste Margaíochta

Is é an Coiste Margaíochta a bhainistíonn gnóthaí urraíochta, díolacháin agus fógraíochta an Choimisiúin Le Rincí Gaelacha.
Is é ar saindualgas ná fás a chothú i bpobal an Rince Ghaelaigh ar fud an domhain agus tacú leis an gCoimisiún tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an Rince Gaelach. Téigh i dteagmháil le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. chun deiseanna urraíochta nó  poiblíochta a phlé.

Urraíocht

Priontáil

Coiste Oireachtas

Is é an Coiste Oireachtaisí atá freagrach as 2 mhórimeacht i mbliain an Rince Ghaelaigh a eagrú, i.e. Oireachtas Rince na hÉireann agus Oireachtas Rince na Cruinne.

Is páirt den obair sin na siollabais chuí a ullmhú agus a fhoilsiú agus rialacha na gcomórtas a leagan amach chomh maith le mionphleanáil a dhéanamh i gcomhair gach ceann de na craobhchomórtais, lena n-áirítear iontrálacha a phróiseáil, sceidealú, riar na gcomórtas ó lá go lá a bhainistiú, torthaí a chraobhscaoileadh, duaiseanna a bhronnadh agus tuilleadh lena chois – agus sin go léir a dhéanamh laistigh de na buiséid a leagann an Chomhairle Bhainistíochta síos.

Coiste Oireachtas
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

Priontáil

CLRG Oireachtas

www.clrgoireachtas.com

We use cookies on our website. Some of them are essential for the operation of the site, while others help us to improve this site and the user experience (tracking cookies). You can decide for yourself whether you want to allow cookies or not. Please note that if you reject them, you may not be able to use all the functionalities of the site.