images/news_page.PNG

Coiste Faire

Is é an Coiste Faire a fhiosraíonn gearáin agus a dheimhníonn go ndéantar na gearáin sin a ionramháil go cothrom, discréideach. Is é saindualgas an choiste gach fiosrúchán atá curtha i gcrích a chur ar aghaidh chuig an mBunchoiste chun go réiteofar é.
Cuirtear gach fiosrúchán i gcrích faoi bhun an Bheartais um Chosaint Leanaí agus faoi bhun an Chóid Iompair agus Nósanna Imeachta Smachta atá leagtha amach ag an gCoimisiún le Rincí Gaelacha.

Coiste Faire/Coiste Eitice
ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Priontáil

Coiste Feistas

Gné thar a bheith spreagúil den Rince Gaelach is ea an feisteas, a thugann deis dúinn gnéithe den dearadh comhaimseartha a fhí isteach i léiriú rince traidisiúnta na hÉireann. Is é an Coiste Feistis a bhainistíonn rialacha agus treoirlínte feistis an Choimisiúin.

Faoi stiúir baill agus múinteoirí de chuid an Choimisiúin, bíonn an coiste ag plé le gnéithe den fheisteas agus le tionscadail sa réimse sin. Is é ár gcuspóir na rialacha agus na treoirlínte feistis a bheith chomh soiléir agus is féidir. Má tá aon cheist agat nó más mian leat tuairim a nochtadh maidir le rialacha agus treoirlínte feistis, téigh i dteagmháil, le do thoil, le Cathaoirleach an Choiste ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Priontáil

Coiste Gaeilge

Tá an Coiste freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn agus a úsáid le baill, le múinteoirí, le moltóirí, le scrúdaitheoirí, le rinceoirí agus le ceoltóirí an Choimisiúin agus le dreamanna eile chun labhairt na Gaeilge a spreagadh.

Coiste Gaeilge
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Priontáil

CLRG Oireachtas

www.clrgoireachtas.com

We use cookies on our website. Some of them are essential for the operation of the site, while others help us to improve this site and the user experience (tracking cookies). You can decide for yourself whether you want to allow cookies or not. Please note that if you reject them, you may not be able to use all the functionalities of the site.