images/news_page.PNG

Coiste Feistas

Gné thar a bheith spreagúil den Rince Gaelach is ea an feisteas, a thugann deis dúinn gnéithe den dearadh comhaimseartha a fhí isteach i léiriú rince traidisiúnta na hÉireann. Is é an Coiste Feistis a bhainistíonn rialacha agus treoirlínte feistis an Choimisiúin.

Faoi stiúir baill agus múinteoirí de chuid an Choimisiúin, bíonn an coiste ag plé le gnéithe den fheisteas agus le tionscadail sa réimse sin. Is é ár gcuspóir na rialacha agus na treoirlínte feistis a bheith chomh soiléir agus is féidir. Má tá aon cheist agat nó más mian leat tuairim a nochtadh maidir le rialacha agus treoirlínte feistis, téigh i dteagmháil, le do thoil, le Cathaoirleach an Choiste ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Priontáil

Coiste Gaeilge

Tá an Coiste freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn agus a úsáid le baill, le múinteoirí, le moltóirí, le scrúdaitheoirí, le rinceoirí agus le ceoltóirí an Choimisiúin agus le dreamanna eile chun labhairt na Gaeilge a spreagadh.

Coiste Gaeilge
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Priontáil

An tÚdarás Scrúdaithe

Is é an tÚdarás Scrúdaithe an foras rialaithe i gcomhair gach ceann de na scrúduithe TMRF, TCRG, ADCRG agus BG a eagraítear ar fud an domhain. Bíonn sé ag plé le cúrsaí a bhaineann le Grádscrúduithe chomh maith.
Déanann ár mBord maoirsiú ar líon na scrúduithe agus ar ionad gach scrúdaithe faoi leith.
Má tá ceist agat i dtaobh ceann ar bith de na scrúduithe seo, is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil le Claire Gillespie in oifig an Choimisiúin.

Priontáil

CLRG Oireachtas

www.clrgoireachtas.com